1 San ochtú bliain déag de réimeas an rí Iarobám, tháinig Aibíá i gcoróin ar Iúdá.
2 Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Miocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám.
3 Chuaigh Aibíá chun catha le slua trodairí cróga, ceithre chéad míle fear tofa, agus chuir Iarobám a ocht gcéad míle de fhir thofa, gaiscígh chalma, in eagar ina aghaidh.
4 Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim.