16 Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad.
17 Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle d'fhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir.
18 Cloíodh clann Iosrael an uair sin agus bhí an lá le Iúdá ar an gcuma sin mar go raibh muinín acu as an Tiarna, Dia a sinsear.
19 Chuaigh Aibíá sa tóir ar Iarobám agus ghabh cathracha áirithe uaidh, Béitéil lena shráidbhailte, Iseáná lena shráidbhailte, agus Eafrón lena shráidbhailte.
20 Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus d'éag sé.
21 Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag.
22 An chuid eile de stair Aibíá, a bhearta agus a ghníomhartha, nach bhfuil sin go léir scríofa i scéala an fháidh Ideo?