18 Cloíodh clann Iosrael an uair sin agus bhí an lá le Iúdá ar an gcuma sin mar go raibh muinín acu as an Tiarna, Dia a sinsear.
19 Chuaigh Aibíá sa tóir ar Iarobám agus ghabh cathracha áirithe uaidh, Béitéil lena shráidbhailte, Iseáná lena shráidbhailte, agus Eafrón lena shráidbhailte.
20 Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus d'éag sé.
21 Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag.
22 An chuid eile de stair Aibíá, a bhearta agus a ghníomhartha, nach bhfuil sin go léir scríofa i scéala an fháidh Ideo?
23 Ansin chuaigh Aibíá chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Ásá i gcomharbacht air. Bhí an tír faoi shíocháin ar feadh deich mbliana lena linn.