2 Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Miocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám.
3 Chuaigh Aibíá chun catha le slua trodairí cróga, ceithre chéad míle fear tofa, agus chuir Iarobám a ocht gcéad míle de fhir thofa, gaiscígh chalma, in eagar ina aghaidh.
4 Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim.
5 “A Iarobám agus a Iosrael go léir,” ar sé, “nach bhfuil a fhios agaibh gur thug an Tiarna flaitheas Iosrael do Dháiví agus dá shliocht go brách trí chonradh dosháraithe?
6 Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir.
7 Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.
8 Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.