9 Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!
10 Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.
11 Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.
12 Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n‑aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.”
13 Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla.
14 D'fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic.
15 Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá.