16 Bhain Ásá rí dínit na ríonmháthar dá mháthair Mácá mar go dearna sí dealbh ghráiniúil do Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh í i nGleann Chidreon.
17 Cé nár scuabadh chun siúil na hardionaid, bhí croí Ásá gan locht i gcaitheamh a shaoil go léir.
18 Chuir sé isteach i dTeampall Dé na tabhartais a thíolaic a athair agus é féin, idir ór agus airgead agus ghréithe.
19 Go dtí an cúigiú bliain tríochad de réimeas Ásá, ní raibh aon chogadh.