1 Sa séú bliain tríochad de réimeas Ásá ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d'fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.
2 Thóg Ásá leis ansin an t‑airgead agus an t‑ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:
3 “Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m'athair agus d'athairse. Féach, táim ag cur airgid agus óir chugat. Tar agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríocha.”
4 D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.