4 D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.
5 Nuair a chuala Báiseá é sin, scor sé de bheith ag daingniú Rámá agus d'éirigh as an ngnó sin.
6 Thionóil Ásá rí Iúdá go léir agus thug siad chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag tógáil, agus leis an méid sin dhaingnigh sé Geaba agus Mizpeá.
7 Ansin a tháinig Hanáiní an físí go hÁsá rí Iúdá agus dúirt leis: “De bhrí nach raibh muinín agat as an Tiarna do Dhia, ach as rí Arám, sleamhnóidh arm rí Arám as do láimh.
8 Nárbh arm mór le hiliomad carbad agus marcach iad na Cúisigh agus na Libiaigh? Ach de bhrí gur chuir sibh bhur muinín sa Tiarna, nár tugadh ar láimh daoibh iad?
9 Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”
10 Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.