2 Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá.
3 Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,
4 chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.
5 Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige.
6 Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá.
7 Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá.
8 Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoiníá, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám.