1 Bhí Iahóiseáfát faoi bhláth maoine agus onóra, agus rinne sé cleamhnas le hAcháb.
2 Tar éis roinnt blianta thug sé turas ar Acháb sa tSamáir. Mharaigh Acháb líon mór caorach agus damh dó féin agus dá lucht leanúna lena áiteamh air Rámot Gileád a ionsaí.
3 Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”
4 Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”
5 Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,” d'fhiafraigh sé díobh, “nó éirí as?” “Téigh,” ar siad, “mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
6 Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”