15 Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”
16 Ansin labhair Míocáia:“Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhtemar chaoirigh gan aoire,agus dúirt an Tiarna: ‘Níl maistir orthu;téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”
17 Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.”
18 Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé.
19 Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.
20 Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.
21 D'fhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’