21 D'fhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’
22 Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”
23 Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
24 “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.”
25 Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d'Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis,
26 agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”
27 Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)