27 Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
28 Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.
29 Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath.
30 Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”
31 Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air,
32 agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir.
33 Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena charbadóir, “agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.”