30 Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”
31 Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air,
32 agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir.
33 Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena charbadóir, “agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.”
34 Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; choimeád an rí é féin ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hAramaeigh go tráthnóna; agus d'éag sé le fuineadh an lae.