5 Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,” d'fhiafraigh sé díobh, “nó éirí as?” “Téigh,” ar siad, “mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
6 Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”
7 D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.
8 Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: “Tabhair Míocáia mac Imleá chugam gan mhoill.”
9 Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.
10 Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Chanáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna:” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hAramaeigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”
11 Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais leat go Rámot Gileád,” ar siad, “agus beir bua. Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”