6 Cuir chugam dá bhrí sin fear oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, agus ar éidí corcra, craoraga, agus ar éidí gorma, agus ar cheird an ghreanta chomh maith. Níor mhór dó oibriú le mo cheardaithe oilte anseo in Iarúsailéim agus in Iúdá, an mhuintir a sholáthraigh m'athair Dáiví.
7 Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.
8 Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam.
9 Tabharfaidh mé fiche míle tomhas de chruithneacht mheilte, fiche míle tomhas eorna, fiche míle tomhas fíona agus fiche míle tomhas ola do do shearbhóntaí i mbun na gcrann a leagan - ar son do shearbhóntaí a [chothú] an méid sin.”
10 D'fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: “Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.” Agus lean Húrám air:
11 “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a rinne neamh agus talamh, a thug mac eagnaí do Dháiví, a bhfuil tuiscint agus ciall aige, agus a thógfaidh teach don Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.
12 Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí,