9 Tabharfaidh mé fiche míle tomhas de chruithneacht mheilte, fiche míle tomhas eorna, fiche míle tomhas fíona agus fiche míle tomhas ola do do shearbhóntaí i mbun na gcrann a leagan - ar son do shearbhóntaí a [chothú] an méid sin.”
10 D'fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: “Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.” Agus lean Húrám air:
11 “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a rinne neamh agus talamh, a thug mac eagnaí do Dháiví, a bhfuil tuiscint agus ciall aige, agus a thógfaidh teach don Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.
12 Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí,
13 mac mná de chuid na nDánach ach fear ón Tuír mar athair aige. Tá sé oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, cloiche, adhmaid, agus ar éidí corcra, gorma, craoraga, agus ar línéadach mín, agus ar gach sórt greanadh a dhéanamh, agus ar aon phatrún a iarrtar air a chur i gcrích. Cuirtear i mbun oibre é le do cheardaithe féin agus le ceardaithe mo thiarna, Dáiví, d'athair.
14 Cuireadh mo thiarna dá bhrí sin an chruithneacht, an eorna, an ola, agus an fíon a luaigh sé, chun a shearbhóntaí.
15 Agus maidir linne, déanfaimid cibé adhmad is gá duit ón Liobáin a ghearradh agus a thabhairt chugat ar cheann téide ar muir go Iopá le gur féidir duit féin é a thabhairt as sin go Iarúsailéim.”