1 Ina dhiaidh sin tháinig na Móábaigh, na hAmónaigh, agus cuid de na [Méúnaigh] chun cogadh a chur ar Iahóiseáfát.
2 Tháinig daoine le teachtaireacht go dtí Iahóiseáfát: “Tá slua mór ag teacht i do choinne ó Eadóm ón taobh eile den fharraige; tá siad ag Hazazón Támár, .i. Éan Geidí, cheana féin.”
3 Tháinig scéin ar Iahóiseáfát agus chinn sé dul i muinín an Tiarna; d'fhógair sé troscadh ar Iúdá ar fad.
4 Chruinnigh Iúdá le chéile chun cabhair a lorg ar an Tiarna; tháinig siad ó gach cathair i Iúdá ar lorg an Tiarna.
5 Ag an gcomhthionól seo de mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim i dTeampall an Tiarna, sheas Iahóiseáfát os comhair na cúirte nua,