11 ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.
12 Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”
13 Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n‑aosóga, a mná agus a leanaí.
14 Tháinig spiorad an Tiarna i lár an chomhthionóil ar Iachazíéil mac Zacairiá, mac Bhanáiá, mac Ieíéil, mac Mhatainiá an Léivíteach, duine de chlann Ásáf;
15 dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.
16 Cuirigí chun bóthair ina gcoinne amárach! Féach! tá siad ag teacht Ard Zíz aníos agus tiocfaidh sibh orthu i lúib an ghleanna lastoir de fhásach Iarúael.
17 Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’ ”