8 Chuir siadsan fúthu ann agus thóg siad sanctóir do d'ainm ann,
9 á rá: ‘Má bhuaileann tubaiste sinn - cogadh nó daorbhreith, nó galar, nó gorta - seasfaimid os comhair an Teampaill seo agus os do chomhairse, mar tá d'ainm sa Teampall seo. Agus glaofaimid ort as umar ár n‑aimléise agus tabharfaidh tú cluas agus éisteacht dúinn.’
10 Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -
11 ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.
12 Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”
13 Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n‑aosóga, a mná agus a leanaí.
14 Tháinig spiorad an Tiarna i lár an chomhthionóil ar Iachazíéil mac Zacairiá, mac Bhanáiá, mac Ieíéil, mac Mhatainiá an Léivíteach, duine de chlann Ásáf;