12 Tháinig litir chuige ó Éilias fáidh á rá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví d'athair: ‘De bhrí nár lean tú sampla Iahóiseáfát d'athair, ná Ásá rí Iúdá,
13 ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,
14 féach, [buailfidh] an Tiarna le tubaiste mhór [thú féin] agus do mhuintir agus do shliocht agus do chuid ban agus do mhaoin go léir.
15 Tiocfaidh galair [gháifeacha] ort féin, agus galar cliabhraigh chomh géar sin go sceithfidh tú d'ionathar le himeacht aimsire.’ ”
16 Mhúscail an Tiarna fearg na bhFilistíneach, agus na nArabach atá láimh leis na Cúisigh, in aghaidh Iahórám.
17 D'ionsaigh siad Iúdá agus rinne ionradh air agus thugadar leo an mhaoin go léir a fuair siad, a bhain le teaghlach an rí, agus a chlann mhac, agus a chuid ban, i dtreo nach raibh mac fágtha aige ach Achaizíá, an té ab óige.
18 Ansin threascair an Tiarna le galar doleighiste sa chliabhrach é.