14 féach, [buailfidh] an Tiarna le tubaiste mhór [thú féin] agus do mhuintir agus do shliocht agus do chuid ban agus do mhaoin go léir.
15 Tiocfaidh galair [gháifeacha] ort féin, agus galar cliabhraigh chomh géar sin go sceithfidh tú d'ionathar le himeacht aimsire.’ ”
16 Mhúscail an Tiarna fearg na bhFilistíneach, agus na nArabach atá láimh leis na Cúisigh, in aghaidh Iahórám.
17 D'ionsaigh siad Iúdá agus rinne ionradh air agus thugadar leo an mhaoin go léir a fuair siad, a bhain le teaghlach an rí, agus a chlann mhac, agus a chuid ban, i dtreo nach raibh mac fágtha aige ach Achaizíá, an té ab óige.
18 Ansin threascair an Tiarna le galar doleighiste sa chliabhrach é.
19 Lean sé de breis agus bliain agus nuair a bhí dhá bhliain caite agus é ar an dé deiridh thit a ionathar amach as le déine an ghalair, agus fuair sé bás i ngéarphian. Níor las an pobal tine dó murab ionann agus a athair.
20 Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. D'imigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.