6 Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
7 Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.
8 Lena linn rinne Eadóm ceannairc in aghaidh Iúdá agus cheapadar rí dá gcuid féin.
9 Ansin ghabh Iahórám sall lena cheannairí agus lena charbaid. D'éirigh sé san oíche agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach, a bhí ina thimpeall.
10 Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear.
11 Thóg sé ardionaid in ardáin Iúdá, agus thug ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis agus chuir sé Iúdá ar seachrán.
12 Tháinig litir chuige ó Éilias fáidh á rá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví d'athair: ‘De bhrí nár lean tú sampla Iahóiseáfát d'athair, ná Ásá rí Iúdá,