8 Lena linn rinne Eadóm ceannairc in aghaidh Iúdá agus cheapadar rí dá gcuid féin.
9 Ansin ghabh Iahórám sall lena cheannairí agus lena charbaid. D'éirigh sé san oíche agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach, a bhí ina thimpeall.
10 Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear.
11 Thóg sé ardionaid in ardáin Iúdá, agus thug ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis agus chuir sé Iúdá ar seachrán.
12 Tháinig litir chuige ó Éilias fáidh á rá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví d'athair: ‘De bhrí nár lean tú sampla Iahóiseáfát d'athair, ná Ásá rí Iúdá,
13 ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,
14 féach, [buailfidh] an Tiarna le tubaiste mhór [thú féin] agus do mhuintir agus do shliocht agus do chuid ban agus do mhaoin go léir.