1 Rinne muintir Iarúsailéim rí d'Achaizíá, an mac ab óige aige, ina áit, mar go raibh na mic a ba shine go léir marbh ag an díorma a bhris isteach sa champa leis na hArabaigh. Sin mar a tháinig Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá i gcoróin.
2 Bhí Achaizíá dhá bhliain agus [fiche] d'aois nuair a tháinig sé chun corónach agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá iníon Omraí ab ainm dá mháthair.
3 Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó.
4 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis.