2 Bhí Achaizíá dhá bhliain agus [fiche] d'aois nuair a tháinig sé chun corónach agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá iníon Omraí ab ainm dá mháthair.
3 Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó.
4 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis.
5 Ar a gcomhairlesean, ghabh sé amach le Iahórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám ag Rámot Gileád; ghoin na [hArámaigh] Iahórám,
6 agus d'fhill sé go Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iahórám mac Acháb mar go raibh sé tinn.
7 Ba é toil an Tiarna é Achaizíá a scriosadh tríd an turas seo ar thuairisc Iahórám. Nuair a tháinig sé ansiúd chuaigh sé amach le Iahórám le bualadh le Iéahú mac Nimsí an té a bhí ungtha ag an Tiarna le teaghlach Acháb a scriosadh.
8 Agus Iéahú ag cur na daorbhreithe ar theaghlach Acháb i bhfeidhm, bhuail sé le flatha Iúdá agus le nianna Achaizíá a bhí i seirbhís an rí agus chuir chun báis iad.