2 Croinicí 23:12-18 ABN

12 Nuair a chuala Atailiá geoin an phobail ag rith chun an rí agus á mhóradh, tharraing sí ar Theampall an Tiarna áit a raibh na daoine.

13 Nuair a chonaic sí an rí ansiúd ina sheasamh taobh lena cholún ag an mbealach isteach, agus na cinn feadhna agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, agus na cantairí ag cur ceann ar an gceiliúradh lena n‑uirlisí ceoil, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!”

14 Ansin ghlaoigh Iahóideá ar na hoifigigh airm agus dúirt leo: “Beirigí libh amach idir na ranganna í agus aon duine a leanann í, cuirtear chun báis leis an gclaíomh é!” Óir bhí sé ráite ag an sagart: “Ná cuirigí chun báis í i dTeampall an Tiarna.”

15 Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, i mbéal Gheata na gCapall, cuireadh chun báis ansiúd í.

16 Rinne Iahóideá conradh idir é féin agus an rí agus an pobal ar fad, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna.

17 Chuaigh an pobal go léir ansin go teampall Bhál agus scrios siad é. Rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí.

18 Cheap Iahóideá lucht faire ar Theampall an Tiarna faoi údarás na sagart Léivíteach. Thug Dáiví Teampall an Tiarna do na sagairt Léivíteacha seo mar chuid ranna, le go n‑ofrálfaidís íobairtí uileloiscthe an Tiarna mar atá ordaithe i ndlí Mhaois, le spleodar agus le cantain, de réir rialacha Dháiví.