16 Rinne Iahóideá conradh idir é féin agus an rí agus an pobal ar fad, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna.
17 Chuaigh an pobal go léir ansin go teampall Bhál agus scrios siad é. Rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí.
18 Cheap Iahóideá lucht faire ar Theampall an Tiarna faoi údarás na sagart Léivíteach. Thug Dáiví Teampall an Tiarna do na sagairt Léivíteacha seo mar chuid ranna, le go n‑ofrálfaidís íobairtí uileloiscthe an Tiarna mar atá ordaithe i ndlí Mhaois, le spleodar agus le cantain, de réir rialacha Dháiví.
19 Chuir sé lucht faire ag geataí Theampall an Tiarna i dtreo nach rachadh aon duine a bhí neamhghlan ar aon tslí isteach.
20 Thug sé leis na ceannairí céad, na maithe, rialtóirí an phobail agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo síos ó Theampall an Tiarna. Ghabhadar isteach sa phálás trí [stua meánach] an Gheata Uachtair, agus shuíodar an rí sa chathaoir ríoga.
21 Bhí lúcháir ar mhuintir na tuaithe, ach d'fhan an chathair ciúin. Bhí Atailiá curtha chun báis le faobhar claímh.