2 Ghabh siad amach ar fud Iúdá ag cruinniú na Léivíteach le chéile ó chathracha uile Iúdá agus ag cruinniú cinn finí Iosrael; thángadar go Iarúsailéim.
3 Rinne an comhthionól go léir conradh leis an rí i dTeampall an Tiarna. “Seo agaibh mac an rí,” arsa Iahóideá, “bíodh sé ina rí faoi mar a gheall an Tiarna faoi shliocht Dháiví!
4 Seo mar atá le déanamh agaibh: tagadh trian díbh, sagairt Léivítigh agus gardaí an gheata, isteach don tsabóid;
5 bíodh trian díbh ag an bpálás ríoga, trian ag Geata na Dúshraithe, agus an pobal go léir i gcúirt Theampall an Tiarna.
6 Ná téadh aon duine isteach i dTeampall an Tiarna ach na sagairt agus na Léivítigh ar dualgas, mar tá siad coisricthe agus tá cead dul isteach acu. Ní mór don phobal aitheanta uile an Tiarna a choimeád.
7 Seasadh na Léivítigh timpeall an rí, agus a arm i láimh gach fir; aon duine a dhéanfaidh iarracht ar dhul isteach sa Teampall, cuirtear chun báis é. Bígí le hais an rí ag teacht isteach agus ag gabháil amach dó.”
8 Rinne na Léivítigh agus Iúdá go léir gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad gach duine acu, a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor dá ndualgas ar an tsabóid agus iad siúd a bhí le dul ar dualgas ar an tsabóid; óir níor scaoil Iahóideá le haon cheann de na hoird.