6 Ná téadh aon duine isteach i dTeampall an Tiarna ach na sagairt agus na Léivítigh ar dualgas, mar tá siad coisricthe agus tá cead dul isteach acu. Ní mór don phobal aitheanta uile an Tiarna a choimeád.
7 Seasadh na Léivítigh timpeall an rí, agus a arm i láimh gach fir; aon duine a dhéanfaidh iarracht ar dhul isteach sa Teampall, cuirtear chun báis é. Bígí le hais an rí ag teacht isteach agus ag gabháil amach dó.”
8 Rinne na Léivítigh agus Iúdá go léir gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad gach duine acu, a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor dá ndualgas ar an tsabóid agus iad siúd a bhí le dul ar dualgas ar an tsabóid; óir níor scaoil Iahóideá le haon cheann de na hoird.
9 Thug Iahóideá na gathanna agus na sciatha le Dáiví rí, idir bheag agus mhór, a bhí i dTeampall an Tiarna, do na ceannairí céad mar airm.
10 Chóirigh sé an pobal go léir mar gharda ar an rí, agus a arm i láimh gach duine acu, ó choirneál theas an Teampaill go dtí an coirneál thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.
11 Thug sé leis amach mac an rí ansin, chuir sé an choróin air agus thug an fhianaise dó; agus d'fhógair siad ina rí é. D'ung Iahóideá agus a chlann mhac é agus chuir siad gáir suas: “Fad saoil don rí!”
12 Nuair a chuala Atailiá geoin an phobail ag rith chun an rí agus á mhóradh, tharraing sí ar Theampall an Tiarna áit a raibh na daoine.