12 Thug an rí agus Iahóideá ar láimh é do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna. An lucht tuarastail, na saoir chloiche agus adhmaid, luigh siad le deisiú Theampall an Tiarna. Bhí gaibhne iarainn agus cré-umha freisin ag athchóiriú an Teampaill.
13 A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh.
14 Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid.Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá.
15 Ach chuaigh Iahóideá in aois agus i laethanta lána liatha, agus d'éag. Bhí sé céad agus a tríocha bliain nuair a d'éag sé.
16 Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.
17 Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle.
18 Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d'adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin.