15 Ach chuaigh Iahóideá in aois agus i laethanta lána liatha, agus d'éag. Bhí sé céad agus a tríocha bliain nuair a d'éag sé.
16 Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.
17 Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle.
18 Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d'adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin.
19 Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad.
20 Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. D'éirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: “Seo mar a deir Dia: ‘Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.’ ”
21 Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna.