20 Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. D'éirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: “Seo mar a deir Dia: ‘Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.’ ”
21 Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna.
22 Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: “Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!”
23 Faoi cheann bliana chuir arm Arám cogadh ar Ióáis. Tháinig siad fad le Iúdá agus le Iarúsailéim, chuireadar prionsaí an phobail chun báis agus sheoladar an chreach ar ais go dtí rí na Damaisce.
24 Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis,
25 agus d'fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe.
26 Ba iad lucht na comhcheilge: Zábád mac Shimeát, an tAmónach mná, agus Iahózábád mac Shimrít, an Móábach mná.