23 Faoi cheann bliana chuir arm Arám cogadh ar Ióáis. Tháinig siad fad le Iúdá agus le Iarúsailéim, chuireadar prionsaí an phobail chun báis agus sheoladar an chreach ar ais go dtí rí na Damaisce.
24 Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis,
25 agus d'fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe.
26 Ba iad lucht na comhcheilge: Zábád mac Shimeát, an tAmónach mná, agus Iahózábád mac Shimrít, an Móábach mná.
27 Maidir lena chlann mhac, leis an gcáin throm a gearradh, le hathchóiriú Theampall Dé, tá cuntas orthusan go léir scríofa sa Ghluais ar Leabhar na Ríthe. Tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.