7 Rinne clann mhac Atailiá na coirpeachta dochar do Theampall an Tiarna agus bhronn siad ofrálacha coisricthe uile Theampall an Tiarna ar na Bálaím.”
8 D'ordaigh an rí dóibh cófra a dhéanamh agus é a chur lasmuigh de gheata Theampall an Tiarna.
9 Fógraíodh ansin ar fud Iúdá agus Iarúsailéim an cháin a leag Maois searbhónta Dé ar Iosrael san fhásach, a thabhairt chun an Tiarna.
10 Tháinig na maithe agus an pobal go léir lena gcánacha le barr lúcháire agus bhíodar á gcaitheamh isteach sa chófra go dtí go raibh deireadh íoctha.
11 Nuair a thugadh na Léivítigh an cófra go dtí oifigigh riartha an rí, agus go bhfeicidís go raibh a lán airgid ann, thagadh rúnaí an rí agus ionadaí an ardsagairt agus d'fholmhaídís an cófra agus bheiridís leo é agus chuiridís ar ais ina áit féin é. Rinne siad amhlaidh lá i ndiaidh an lae agus chruinníodar suim mhór airgid.
12 Thug an rí agus Iahóideá ar láimh é do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna. An lucht tuarastail, na saoir chloiche agus adhmaid, luigh siad le deisiú Theampall an Tiarna. Bhí gaibhne iarainn agus cré-umha freisin ag athchóiriú an Teampaill.
13 A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh.