1 Bhí Amaiziá cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadán ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.
2 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é.
3 A luaithe a bhí greim daingean aige ar a ríocht, chuir sé chun báis na feidhmeannaigh úd a mharaigh a athair, an rí.
4 Ach níor chuir sé a gclann chun báis de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac ná mic ar son aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”