2 Croinicí 25:11-17 ABN

11 Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír.

12 Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir.

13 Ansin an díorma fear a chuir Amaiziá ar ais gan ligean dóibh dul leis sa chath, rinne siad ionsaí anois ar chathracha Iúdá, ón tSamáir go Béit Horon, agus mharaigh siad trí mhíle fear iontu agus ghabhadar a lán creiche.

14 Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.

15 Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: “Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?”

16 Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

17 Ghlac Amaiziá comhairle ansin agus chuir sé teachtaireacht go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú, rí Iosrael, á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”