2 Croinicí 25:14-20 ABN

14 Nuair a d'fhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh.

15 Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: “Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?”

16 Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”

17 Ghlac Amaiziá comhairle ansin agus chuir sé teachtaireacht go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú, rí Iosrael, á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”

18 Chuir Ióáis rí Iosrael scéala ar ais go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhithe allta na Liobáine an feochadan a shatailt faoina gcosa agus iad ag gabháil thar bráid.

19 Deir tú: ‘Féach ormsa, an té a chloígh Eadóm,’ agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scriosadh?”

20 Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d'fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm.