2 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é.
3 A luaithe a bhí greim daingean aige ar a ríocht, chuir sé chun báis na feidhmeannaigh úd a mharaigh a athair, an rí.
4 Ach níor chuir sé a gclann chun báis de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac ná mic ar son aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”
5 Ansin chruinnigh Amaiziá fir Iúdá le chéile agus d'eagraigh sé iad ina bhfiní, faoi cheannas ceannairí míle agus ceannairí céad do Iúdá agus do Bhiniáimin go léir. Rinne sé daonáireamh ar an muintir a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn, agus fuair amach go raibh trí chéad míle fear tofa, réidh chun cogaidh, oilte ar shleá agus ar sciath.
6 D'fhostaigh sé freisin céad míle laoch gaile ó Iosrael ar chéad tallann airgid.
7 Tháinig an giolla Dé chuige agus dúirt: “Ná lig d'arm Iosrael máirseáil le do chois, a rí, mar níl an Tiarna le hIosrael ná le haon duine ó Eafráim.
8 Óir má thagann siad, is cuma cé chomh calma agus a bheidh tú sa chath, déanfaidh Dia thú a threascairt os comhair do naimhde, mar ag Dia atá cumas cothaithe nó treascartha.”