20 Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d'fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm.
21 Ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.
22 Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile.
23 Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá, mac Ióáis, mac Achaizíá, ag Béit Seimis agus thug sé leis é go Iarúsailéim; scrios sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.
24 Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna agus Obaed Eadóm mar aon leo, agus cistí phálás an rí agus gialla chomh maith; ansin d'fhill ar an tSamáir.
25 Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház, rí Iosrael.
26 An chuid eile de stair Amaiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael?