22 Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile.
23 Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá, mac Ióáis, mac Achaizíá, ag Béit Seimis agus thug sé leis é go Iarúsailéim; scrios sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.
24 Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna agus Obaed Eadóm mar aon leo, agus cistí phálás an rí agus gialla chomh maith; ansin d'fhill ar an tSamáir.
25 Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház, rí Iosrael.
26 An chuid eile de stair Amaiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael?
27 Ón uair a d'iompaigh Amaiziá ón Tiarna, bhí comhcheilg ar siúl ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís, ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é.
28 Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i gcathair Dháiví lena shinsir.