7 Tháinig an giolla Dé chuige agus dúirt: “Ná lig d'arm Iosrael máirseáil le do chois, a rí, mar níl an Tiarna le hIosrael ná le haon duine ó Eafráim.
8 Óir má thagann siad, is cuma cé chomh calma agus a bheidh tú sa chath, déanfaidh Dia thú a threascairt os comhair do naimhde, mar ag Dia atá cumas cothaithe nó treascartha.”
9 Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d'arm Iosrael?” D'fhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.”
10 Ansin scaoil Amaiziá uaidh an t‑arm a tháinig ó Eafráim, agus chuir abhaile iad. Tháinig fearg mhór orthusan le Iúdá agus d'imigh siad leo abhaile agus iad ar deargbhuile.
11 Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír.
12 Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir.
13 Ansin an díorma fear a chuir Amaiziá ar ais gan ligean dóibh dul leis sa chath, rinne siad ionsaí anois ar chathracha Iúdá, ón tSamáir go Béit Horon, agus mharaigh siad trí mhíle fear iontu agus ghabhadar a lán creiche.