1 Thogh muintir Iúdá go léir Uiziá agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.
2 Eisean a thóg Éalót agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.
3 Bhí Uiziá sé bliana déag nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé dhá bhliain caogad i réim in Iarúsailéim. Iacoiliá ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.
4 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a athair Amaiziá.
5 Rinne sé an Tiarna a lorg le dúthracht fad a mhair Zacairiá, duine a bhí dulta chun cinn in eagla Dé. Fad a bhí an Tiarna á thóraíocht aige, chuir Dia an rath air.
6 Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.
7 Tháinig Dia i gcabhair air in aghaidh na bhFilistíneach agus in aghaidh na nArabach a raibh cónaí orthu i nGúr Bál, agus in aghaidh na Méúnach.