11 Bhí arm seasmhach aige freisin, saighdiúirí réidh chun cogaidh, roinnte ina ndíormaí de réir áirimh Ieíéil, scríobhaí, agus Mhásaeiá, clárthóir, agus faoi cheannas Hanainiá, duine de cheannasaithe an rí.
12 Dhá mhíle sé chéad líon iomlán chinn finí na gcuradh calma seo.
13 Faoina gceannas-san bhí arm oilte de thrí chéad agus a seacht míle cúig céad, fórsa tréan cogaidh agus taca láidir don rí in aghaidh a naimhde.
14 Rinne Uiziá sciatha, sleánna, cafairr, lúireacha, boghanna, agus clocha láimhe a sholáthar don arm ar fad.
15 Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair.
16 Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. D'fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.
17 Ach chuaigh Azairiá an sagart isteach ina dhiaidh, le ceithre fichid de shagairt an Tiarna, fir chalma;