2 Croinicí 26:15-21 ABN

15 Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair.

16 Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. D'fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.

17 Ach chuaigh Azairiá an sagart isteach ina dhiaidh, le ceithre fichid de shagairt an Tiarna, fir chalma;

18 chuireadar in aghaidh Uiziá rí agus dúradar leis: “Ní hé do ghnósa, a Uiziá, túis a dhó don Tiarna, ach gnó na sagart, clann Árón, daoine atá coisricthe ina chomhairsean. Fág an sanctóir! Rinne tú feall; an ghlóir a thagann ón Tiarna, Dia, ní leat a thuilleadh í.”

19 Tháinig fraoch feirge ar Uiziá, agus an túisteán ina láimh le túis a dhó. Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan i láthair na sagart, i dTeampall an Tiarna ansiúd le hais altóir na túise.

20 D'fhéach Azairiá, an t‑ardsagart, agus na sagairt go léir ina threo agus chonaic siad an lobhra ar a éadan; thiomáineadar amach go tapa é, agus bhí deifir amach air féin, mar gur bhuail an Tiarna é.

21 Bhí Uiziá rí ina lobhar go lá a bháis agus mhair sé i dteach leis féin gan cead isteach aige i dTeampall an Tiarna, de bharr a lobhra. Bhí a mhac Iótám i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar phobal na tíre.