4 Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a athair Amaiziá.
5 Rinne sé an Tiarna a lorg le dúthracht fad a mhair Zacairiá, duine a bhí dulta chun cinn in eagla Dé. Fad a bhí an Tiarna á thóraíocht aige, chuir Dia an rath air.
6 Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.
7 Tháinig Dia i gcabhair air in aghaidh na bhFilistíneach agus in aghaidh na nArabach a raibh cónaí orthu i nGúr Bál, agus in aghaidh na Méúnach.
8 Thug na hAmónaigh cáin d'Uiziá agus leath a cháil go teorainneacha na hÉigipte féin mar gur mhéadaigh go mór ar a neart.
9 Thóg Uiziá túir in Iarúsailéim ag Geata an Chúinne, ag Geata an Ghleanna, agus ag an Uillinn, agus dhaingnigh sé iad.
10 Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.