11 Éistigí liom anois: scaoiligí saor na bránna a ghabh sibh ó bhur ngaolta mar tá fraoch feirge an Tiarna sa mhullach oraibh.”
12 Taoisigh áirithe d'Eafráim, Azairiá mac Iahóchánán, Beiriciá mac Mhisiléamót, Ichizcíá mac Shealum, agus Amásá mac Hadlái, sheas siad an fód in aghaidh na muintire a bhí ag filleadh ón bhfeachtas
13 agus dúirt siad leo: “Ní thabharfaidh sibh na bránna anseo isteach nó beimid ciontach i bhfianaise an Tiarna. Tá sé i gceist agaibh cur lenár bpeacaí agus lenár gciontacht; ach is trom í ár gciontacht cheana agus tá fraoch feirge an Tiarna ag bagairt ar Iosrael.”
14 D'fhág an t‑arm dá bhrí sin na bránna agus an chreach ansiúd i láthair na dtaoiseach agus an chomhthionóil go léir.
15 Ainmníodh daoine ar leith agus d'éirigh siadsan agus thug aire do na bránna; aon chuid acu a bhí gan éadach, thug siad éadach ón gcreach dóibh; thug siad éadaí agus cuaráin dóibh, bia agus deoch; agus chuir ola orthu; chuir siad na daoine leonta ina measc ar muin asal agus thug ar ais iad go dtí a ngaolta in Ireachó, cathair na bpailmeacha. Ansin d'fhill siad go dtí an tSamáir.
16 Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.
17 Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo.