17 Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo.
18 Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu.
19 Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna.
20 Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.
21 Thóg Áchaz cuid den mhaoin i dTeampall an Tiarna agus i bpálás an rí agus na dtaoiseach agus thug mar cháin do rí na hAsaíre é, ach ní bhfuair sé aon ní uaidh dá thairbhe.
22 Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:
23 d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.