19 Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna.
20 Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.
21 Thóg Áchaz cuid den mhaoin i dTeampall an Tiarna agus i bpálás an rí agus na dtaoiseach agus thug mar cháin do rí na hAsaíre é, ach ní bhfuair sé aon ní uaidh dá thairbhe.
22 Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:
23 d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.
24 Rinne Áchaz cuid de ghréithe Theampall Dé a bhailiú le chéile, agus a thuilleadh díobh a bhriseadh. Dhún sé doirse Theampall an Tiarna agus chuir sé suas altóirí dó féin ag cúinne gach sráide in Iarúsailéim.
25 Rinne sé ardionaid le túis a ofráil do dhéithe eile i ngach cathair in Iúdá, agus ar an tslí sin rinne sé an Tiarna, Dia a shinsear, a ghriogadh chun feirge.