24 Rinne Áchaz cuid de ghréithe Theampall Dé a bhailiú le chéile, agus a thuilleadh díobh a bhriseadh. Dhún sé doirse Theampall an Tiarna agus chuir sé suas altóirí dó féin ag cúinne gach sráide in Iarúsailéim.
25 Rinne sé ardionaid le túis a ofráil do dhéithe eile i ngach cathair in Iúdá, agus ar an tslí sin rinne sé an Tiarna, Dia a shinsear, a ghriogadh chun feirge.
26 An chuid eile dá stair, a bhearta go léir, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael?
27 Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.